Loading
"An gcreideann tú féin sna Déithe?"

OMRI. Dála an scéil, a chroí, an gcreideann tú féin sna Déithe?

AMMON. 'Sé mo thuairim phearsanta féin nach bhfuil i nDia ach teorainn a chuthaíonn an duine nuair a theipeann ar a shamhlaíocht dul i ngleic lis an tsíoraíocht. Amuigh ansiúd tá dorchadas diamhair dothuigthe; uaigneas uafásach na spéire; a chuireann scanradh ar ár n-aigne. Níl dóigh níos fearr le he a líonadh, le hé a dhaonnú, ba cheart domh a rá, ná déithe a shuíomh ann.

Salome
Cathal Ó Searcaigh